Gramadach / Grammar

Na ceistfhocail / Question words

Cé...? Who

Céard/Cad...? What

Cá/Cén áit...? Where

Cathain/Cén uair...? When

Cén fáth...? Why

Conas...? How

Féach ar an mbriathar sa cheist agus úsáid an briathar céanna sa bhfreagra más féidir.

Look at the verb in the question and use the same verb in your answer if possible.

Samplaí:

Bhí Tomás sa seomra ranga ag ithe cáca milis. Rinne Máire an cáca aréir. Bhí tart ar Sheán agus chuaigh sé go dtí an siopa.

  • a bhí sa seomra ranga? Bhí Tomás sa seomra ranga.

  • a chuaigh go dtí an siopa? Chuaigh Seán go dtí an siopa.

  • a rinne an cáca? Rinne Máire an cáca.

Chuaigh mamaí go dtí an siopa tar éis na scoile ar an Aoine. Bhí na páistí sa bhaile ag ól tae sa chistin. Cheannaigh mamaí feoil don dinnéar sa siopa agus fuair sí bronntanas ó mhamó ar an mbealach abhaile.

  • raibh na páistí? Bhí na páistí sa chistin ag ól tae.

  • ndeachaigh mamaí? Chuaigh mamaí go dtí an siopa.

  • bhfuair mamaí an bronntanas? Fuair mamaí an bronntanas ó mhamó.

Bhí na buachaillí ag gáire mar go raibh siad ag éisteacht leis na cailíní ag canadh. Chuala siad cailín amháin ag béiceadh. Ní raibh na cailíní sásta go raibh na buachaillí ag éisteacht. Rith na cailíní isteach chuig Mamaí.

  • Cad a bhí ar siúl ag na buachaillí? Bhí na buachaillí ag éisteacht leis na cailíní ag canadh.

  • Cad a chuala na buachaillí ansin? Chuala na buachaillí cailín amháin ag béiceadh.

  • Cad a rinne na cailíní ar deireadh? Rith na cailíní isteach chuig Mamaí.

Cheannaigh Mamaí bríste nua an tseachtain seo caite ach bhí siad ró-mhór di. Chuaigh sí ar ais chuig an siopa inné chun an bríste a athrú. Ní raibh sí sa bhaile ón t-ionad siopadóireachta go dtí a seacht a’ chlog aréir.

  • Cathain a cheannaigh Mamaí an bríste? Cheannaigh Mamaí an bríste an tseachtain seo caite.

  • Cathain a chuaigh sí ar ais chuig an siopa? Chuaigh sí ar ais go dtí an siopa inné.

  • Cathain a bhí sí sa bhaile aréir? Bhí Mamaí sa bhaile ar a seacht a’ chlog aréir.

D’ith an múinteoir úll ag am lóin inné mar go raibh ocras uirthi. Chuaigh sí ar ais go dtí an seomra ranga agus bhí olc uirthi mar go raibh na páistí ag rith sa rang. Thug sí obair bhaile bhreise do na páistí ansin.

  • Cén fáth a d’ith an múinteoir úll? D’ith an múinteoir úll mar go raibh ocras uirthi.

  • Cén fáth a raibh olc ar an múinteoir? Bhí olc ar an múinteoir mar go raibh na páistí ag rith sa rang.

  • Cén fáth ar thug sí obair bhaile bhreise do na páistí? Thug sí obair bhaile bhreise do na páistí mar go raibh siad ag rith sa rang.

Chuir an múinteoir ceist ar an rang agus bhí an freagra ar eolas ag Bríd toisc gur léigh sí leabhar an oíche roimh ré. Sheol Bríd nóta chuig a cara chun an freagra a insint di. Chonaic an múinteoir an nóta mar gur thit sé ar an urlár agus bhí fear gar an múinteoir.

  • Conas go bhí an freagra ar eolas ag Bríd? Bhí an freagra ar eolas ag Bríd toisc gur léigh sí leabhar an oíche roimh ré.

  • Conas a d’inis Bríd an freagra dá cara? D’inis Bríd an freagra dá cara ar nóta.

  • Conas a chonaic an múinteoir an nóta? Chonaic an múinteoir an nóta mar gur thit sé ar an urlár.

Briathra / Verbs

An Aimsir chaite / the past tense

Chun briathar a chur san aimsir chaite:

To put a verb into the past tense:

An fhoirm dhearfach / Positive form

  • Cuir “h” isteach sa bhfréamh má thosaíonn sé le consan. (Chuir, Dhún, Cheannaigh)

  • Cuir D’ ag tús na fréamha má thosaíonn sé le guta. (D’ól, D’éist, D’ith)

  • Cuir D’ agus “h” isteach sa bhfréamh má thosaíonn sé le “f”. (D’fhág, D’fhéach, D’fhan)

An fhoirm dhiúltach / Negative form

  • Úsáid an focal “Níor”.

  • Cuir “h” isteach sa bhfréamh má thosaíonn sé le consan. (Níor chuir, Níor dhún, Níor cheannaigh)

  • Ná hathraigh an fréamh má thosaíonn sé le guta. (Níor ól, Níor éist, Níor ith)

  • Cuir “h” isteach sa bhfréamh má thosaíonn sé le “f”. (Níor fhág, Níor fhan, Níor fhéach)

An fhoirm cheisteach / The question form

  • Úsáid an focal “Ar”.

  • Cuir “h” isteach sa bhfréamh má thosaíonn sé le consan. (Ar chuir, Ar dhún, Ar cheannaigh)

  • Ná hathraigh an fréamh má thosaíonn sé le guta. (Ar ól, Ar éist, Ar ith)

  • Cuir “h” isteach sa bhfréamh má thosaíonn sé le “f”. (Ar fhág, Ar fhan, Ar fhéach)

Na Briathra Neamhrialta / Irregular verbs

Briathar Dearfach Diúltach Ceisteach
Verb Positive Negative Question
       
Abair Dúirt Ní dúirt An ndúirt
To say
       
Beir Rug Níor rug Ar rug
To catch/to grab
       
Bhí Ní raibh An raibh
To be
       
Clois Chuala Níor chuala Ar chuala
To hear
       
Déan Rinne Ní dhearna An ndearna
To do/to make
       
Faigh Fuair Ní bhfuair An bhfuair
To get
       
Feic Chonaic Ní fhaca An bhfaca
To see
       
Ith D’ith Níor ith Ar ith
To eat
       
Tabhair Thug Níor thug Ar thug
To give
       
Tar Tháinig Níor tháinig Ar tháinig
To come
       
Téigh Chuaigh Ní dheachaigh An ndeachaigh
To go

Na Réamhfhocail Shimplí / Simple Prepositions

A Thuistí, a chairde,

Chabródh sé go mór leis na daltaí na réamhfhocail shimplí a chleachtadh. Seo a leanas na cinn is coitianta agus samplaí conas iad a úsáid i gceart.

It would greatly help the girls if they could come to grips with the simple prepositions in Irish. The following are the principal prepositions with examples of how to use them properly.

Na Réamhfhocail Shimplí / Simple Prepositions

 

de, do, faoi, mar, ó, roimh, trí

 

Séimhítear ainmfhocail a leanann iad

 

The nouns following these preposition take a ‘h’

 

Ag, as, chuig, chun, go, go dtí, le

 

Ní shéimhítear ainmfhocail a leanann iad.

 

Here there is no ‘h’ on the nouns following the preposition

 

 

Ar, gan, idir, thar, um

 


Séimhítear ainmfhocail a leanann iad
cuid den am

 

The nouns sometimes take a ‘h’ following these.

 

i

 


Uraítear ainmfhocail a leanann é.

 

The nouns following i take an urú.

 

Urú

 


Ndt

Ngc

Mbp

 

bhF

Fuair mé grianghraf de Shíle sa bhosca.

 

Thug an múinteoir an leabhar do Mhairtín.

 

D’inis Mamó scéal dom faoi thaibhsí.

 

Bhí sí ag obair ansin mar fhreastalaí.

 

Feidfidh mé tú roimh dheireadh na seachtaine

Bhí an t-airgead ag fear an tí.

 

As Ciarraí ó dhúchas mé.

 


Chuir mé an bille
chuig Seosamh.

 

Rachaidh mé leat go Corcaigh amárach.

 

Abair le Máirín go raibh mé ag cur a tuairisce.

Cuir ceist ar Bhríd teacht anseo.

 

Sin leabhar gan mhaith.

 


Bhí idir
chailíní agus bhuachaillí ann.

 

Feicfidh mé tú um Chásc.

 


Ach…/But…./

Conas atá tú ar maidin

Tá siad ina gcónaí i mBaile Átha Cliath anois.

 

An raibh tú riamh

i gContae an Chláir?

 

 

 

 

Réamhfhocail Shimplí agus an t-Alt / Simple prepositions with the definite article (The / on the….at the…with the…)

Uimhir Uatha / Singular

Uimhir Iolra / Plural

 

Na Consain b, c, f, g, p Uraítear iad / urú

 



ag an - ag an mbus

ar an - ar an gcathaoir

as an bPortaingéil

faoin - faoin bhfuinneog

leis an - leis an ngaoth

ón - ón bhfreastalaí

roimh an - roimh an gCásc

thar an - thar an mballa

tríd an - tríd an bpáirc

 

Ach… / but…

Cuirtear séimhiú I ndiaidh sa / ‘h’ after sa

 

sa - sa ghairdín

 

Na consain d, t

Ní uraítear iad / no urú

 


ag an dochtúir

ar an túr

chuig an timpiste

faoin doras

leis an toghchán

ón deachtóir

roimh an tógálaí

thar an doras

tríd an teach

 

 

Ní shéimhítear iad i ndiaidh d,t

 

 

sa teach ( d, t …no ‘h’)

 

Gutaí / vowels

Ní aithríonn said / No change

 

ag an óstán

ar an ollscoil

as an Euraip

 

faoin uisce

roimh an Aoine

 

 

Ní athraítear iad / No change

 

Chuig na bainisteoirí

Leis na fir

 

 

Gutaí / vowels/ Cuirtear ‘h’ rompu / add ‘h’

 

Ag na hógánaigh

Leis na húinéirí

 

 

Samplaí

Tá an madra ag an bhfuinneog

Tá na plandaí ar an mbord

Léim an bhó thar an ngealach

Léim sé as an mbosca

Bhíomar an-sásta leis an gceol

Féach ar an gcat faoin gcathaoir!

 

 

An bhfeiceann tú na bláthanna tríd an bhfuinneog?