Gramadach / Grammar
Na ceistfhocail / Question words
Cé...? Who
Céard/Cad...? What
Cá/Cén áit...? Where
Cathain/Cén uair...? When
Cén fáth...? Why
Conas...? How
Féach ar an mbriathar sa cheist agus úsáid an briathar céanna sa bhfreagra más féidir.
Look at the verb in the question and use the same verb in your answer if possible.
Samplaí:
Bhí Tomás sa seomra ranga ag ithe cáca milis. Rinne Máire an cáca aréir. Bhí tart ar Sheán agus chuaigh sé go dtí an siopa.
-
Cé a bhí sa seomra ranga? Bhí Tomás sa seomra ranga.
-
Cé a chuaigh go dtí an siopa? Chuaigh Seán go dtí an siopa.
- Cé a rinne an cáca? Rinne Máire an cáca.
Chuaigh mamaí go dtí an siopa tar éis na scoile ar an Aoine. Bhí na páistí sa bhaile ag ól tae sa chistin. Cheannaigh mamaí feoil don dinnéar sa siopa agus fuair sí bronntanas ó mhamó ar an mbealach abhaile.
-
Cá raibh na páistí? Bhí na páistí sa chistin ag ól tae.
-
Cá ndeachaigh mamaí? Chuaigh mamaí go dtí an siopa.
- Cá bhfuair mamaí an bronntanas? Fuair mamaí an bronntanas ó mhamó.
Bhí na buachaillí ag gáire mar go raibh siad ag éisteacht leis na cailíní ag canadh. Chuala siad cailín amháin ag béiceadh. Ní raibh na cailíní sásta go raibh na buachaillí ag éisteacht. Rith na cailíní isteach chuig Mamaí.
-
Cad a bhí ar siúl ag na buachaillí? Bhí na buachaillí ag éisteacht leis na cailíní ag canadh.
-
Cad a chuala na buachaillí ansin? Chuala na buachaillí cailín amháin ag béiceadh.
- Cad a rinne na cailíní ar deireadh? Rith na cailíní isteach chuig Mamaí.
Cheannaigh Mamaí bríste nua an tseachtain seo caite ach bhí siad ró-mhór di. Chuaigh sí ar ais chuig an siopa inné chun an bríste a athrú. Ní raibh sí sa bhaile ón t-ionad siopadóireachta go dtí a seacht a’ chlog aréir.
-
Cathain a cheannaigh Mamaí an bríste? Cheannaigh Mamaí an bríste an tseachtain seo caite.
-
Cathain a chuaigh sí ar ais chuig an siopa? Chuaigh sí ar ais go dtí an siopa inné.
- Cathain a bhí sí sa bhaile aréir? Bhí Mamaí sa bhaile ar a seacht a’ chlog aréir.
D’ith an múinteoir úll ag am lóin inné mar go raibh ocras uirthi. Chuaigh sí ar ais go dtí an seomra ranga agus bhí olc uirthi mar go raibh na páistí ag rith sa rang. Thug sí obair bhaile bhreise do na páistí ansin.
-
Cén fáth a d’ith an múinteoir úll? D’ith an múinteoir úll mar go raibh ocras uirthi.
-
Cén fáth a raibh olc ar an múinteoir? Bhí olc ar an múinteoir mar go raibh na páistí ag rith sa rang.
- Cén fáth ar thug sí obair bhaile bhreise do na páistí? Thug sí obair bhaile bhreise do na páistí mar go raibh siad ag rith sa rang.
Chuir an múinteoir ceist ar an rang agus bhí an freagra ar eolas ag Bríd toisc gur léigh sí leabhar an oíche roimh ré. Sheol Bríd nóta chuig a cara chun an freagra a insint di. Chonaic an múinteoir an nóta mar gur thit sé ar an urlár agus bhí fear gar an múinteoir.
-
Conas go bhí an freagra ar eolas ag Bríd? Bhí an freagra ar eolas ag Bríd toisc gur léigh sí leabhar an oíche roimh ré.
-
Conas a d’inis Bríd an freagra dá cara? D’inis Bríd an freagra dá cara ar nóta.
- Conas a chonaic an múinteoir an nóta? Chonaic an múinteoir an nóta mar gur thit sé ar an urlár.
Briathra / Verbs
An Aimsir chaite / the past tense
Chun briathar a chur san aimsir chaite:
To put a verb into the past tense:
An fhoirm dhearfach / Positive form
-
Cuir “h” isteach sa bhfréamh má thosaíonn sé le consan. (Chuir, Dhún, Cheannaigh)
-
Cuir D’ ag tús na fréamha má thosaíonn sé le guta. (D’ól, D’éist, D’ith)
- Cuir D’ agus “h” isteach sa bhfréamh má thosaíonn sé le “f”. (D’fhág, D’fhéach, D’fhan)
An fhoirm dhiúltach / Negative form
-
Úsáid an focal “Níor”.
-
Cuir “h” isteach sa bhfréamh má thosaíonn sé le consan. (Níor chuir, Níor dhún, Níor cheannaigh)
-
Ná hathraigh an fréamh má thosaíonn sé le guta. (Níor ól, Níor éist, Níor ith)
- Cuir “h” isteach sa bhfréamh má thosaíonn sé le “f”. (Níor fhág, Níor fhan, Níor fhéach)
An fhoirm cheisteach / The question form
-
Úsáid an focal “Ar”.
-
Cuir “h” isteach sa bhfréamh má thosaíonn sé le consan. (Ar chuir, Ar dhún, Ar cheannaigh)
-
Ná hathraigh an fréamh má thosaíonn sé le guta. (Ar ól, Ar éist, Ar ith)
- Cuir “h” isteach sa bhfréamh má thosaíonn sé le “f”. (Ar fhág, Ar fhan, Ar fhéach)
Na Briathra Neamhrialta / Irregular verbs
Briathar | Dearfach | Diúltach | Ceisteach |
Verb | Positive | Negative | Question |
Abair | Dúirt | Ní dúirt | An ndúirt |
To say | |||
Beir | Rug | Níor rug | Ar rug |
To catch/to grab | |||
Bí | Bhí | Ní raibh | An raibh |
To be | |||
Clois | Chuala | Níor chuala | Ar chuala |
To hear | |||
Déan | Rinne | Ní dhearna | An ndearna |
To do/to make | |||
Faigh | Fuair | Ní bhfuair | An bhfuair |
To get | |||
Feic | Chonaic | Ní fhaca | An bhfaca |
To see | |||
Ith | D’ith | Níor ith | Ar ith |
To eat | |||
Tabhair | Thug | Níor thug | Ar thug |
To give | |||
Tar | Tháinig | Níor tháinig | Ar tháinig |
To come | |||
Téigh | Chuaigh | Ní dheachaigh | An ndeachaigh |
To go |
Na Réamhfhocail Shimplí / Simple Prepositions
A Thuistí, a chairde,
Chabródh sé go mór leis na daltaí na réamhfhocail shimplí a chleachtadh. Seo a leanas na cinn is coitianta agus samplaí conas iad a úsáid i gceart.
It would greatly help the girls if they could come to grips with the simple prepositions in Irish. The following are the principal prepositions with examples of how to use them properly.
Na Réamhfhocail Shimplí / Simple Prepositions
de, do, faoi, mar, ó, roimh, trí
Séimhítear ainmfhocail a leanann iad
The nouns following these preposition take a ‘h’ |
Ag, as, chuig, chun, go, go dtí, le
Ní shéimhítear ainmfhocail a leanann iad.
Here there is no ‘h’ on the nouns following the preposition
|
Ar, gan, idir, thar, um
The nouns sometimes take a ‘h’ following these. |
i
The nouns following i take an urú. |
Urú
Ngc Mbp
bhF |
Fuair mé grianghraf de Shíle sa bhosca.
Thug an múinteoir an leabhar do Mhairtín.
D’inis Mamó scéal dom faoi thaibhsí.
Bhí sí ag obair ansin mar fhreastalaí.
Feidfidh mé tú roimh dheireadh na seachtaine |
Bhí an t-airgead ag fear an tí.
As Ciarraí ó dhúchas mé.
Rachaidh mé leat go Corcaigh amárach.
Abair le Máirín go raibh mé ag cur a tuairisce. |
Cuir ceist ar Bhríd teacht anseo.
Sin leabhar gan mhaith.
Feicfidh mé tú um Chásc.
Conas atá tú ar maidin |
Tá siad ina gcónaí i mBaile Átha Cliath anois.
An raibh tú riamh i gContae an Chláir? |
|
Réamhfhocail Shimplí agus an t-Alt / Simple prepositions with the definite article (The / on the….at the…with the…)
Uimhir Uatha / Singular |
Uimhir Iolra / Plural |
||
Na Consain b, c, f, g, p Uraítear iad / urú
ar an - ar an gcathaoir as an bPortaingéil faoin - faoin bhfuinneog leis an - leis an ngaoth ón - ón bhfreastalaí roimh an - roimh an gCásc thar an - thar an mballa tríd an - tríd an bpáirc
Ach… / but… Cuirtear séimhiú I ndiaidh sa / ‘h’ after sa
sa - sa ghairdín |
Na consain d, t Ní uraítear iad / no urú
ar an túr chuig an timpiste faoin doras leis an toghchán ón deachtóir roimh an tógálaí thar an doras tríd an teach
Ní shéimhítear iad i ndiaidh d,t
sa teach ( d, t …no ‘h’) |
Gutaí / vowels Ní aithríonn said / No change
ag an óstán ar an ollscoil as an Euraip
faoin uisce roimh an Aoine
|
Ní athraítear iad / No change
Chuig na bainisteoirí Leis na fir
|
Gutaí / vowels/ Cuirtear ‘h’ rompu / add ‘h’
Ag na hógánaigh Leis na húinéirí |
Samplaí
Tá an madra ag an bhfuinneog |
Tá na plandaí ar an mbord |
Léim an bhó thar an ngealach |
Léim sé as an mbosca |
Bhíomar an-sásta leis an gceol |
Féach ar an gcat faoin gcathaoir!
|
An bhfeiceann tú na bláthanna tríd an bhfuinneog? |